SCENE REPORT Tá Gliogar ag Tabhairt Ardán do “Weirdo Ceol” ar Fud na hÉireann By Julie Landers · October 11, 2024
Photos by Michael Kelly

Irish translation by Seán Ó Cuireáin. English version of this piece by Julie Landers is available here.

Gliogar: fuaim croitheadh nó cleatráil; buille cloigíní. Is íomhá fuaime iontach é: rudaí ag imbhualadh agus an athshondas crochta san aer, mealltach agus rí-sholéir. Is teideal oiriúnach é ar a bhfuil déanta ag Peadar Tom (PT) Mercier, Rísteárd Ó hAodha agus Aindriú de Buitléir – ag teacht le chéile agus ag tógáil ar an tírdhreach cultúrtha agus sonach ina bhfuil siad lena saindearcadh féin. Le tamall beag anuas tá Gliogar bunaithe ag an triúr mar aonad spreagúil i gcur chun cinn na teanga agus an chultúir Gaelach trí sheónna ar fud na tíre.

Thosaigh sé in 2022 nuair a d’fhiafraigh Feargal MacGabhann de PT an n-eagródh sé a sheónna féin don Corner House, teach tábhairne i gcathair Chorcaí. Bhí PT díreachi ndiaidh bogadh ó Chorcaí ar ais go Conamara ach in ainneoin sin, ghlac sé leis an deis. Thart fa’n am céanna, bhí Risteárd agus Aindriú tar éis bogadh go dtí’n Ceathrú Rua agus thosaigh an triúr ag obair le chéile, ag cur seónna ar siúl i Luimneach, i nGaillimh, i mBaile Átha Cliath, agus áiteanna eile nach iad. Ach bhí an spéis agus an rún chun seónna a chur ar siúl níos gaire don bhaile, i nGaeltacht Chonamara, i gcónaí ann.

Is minic a insítear an scéal maidir le himeachtaí cultúrtha a chur ar siúl i bpobail tuaithe trí lionsa ‘sinne in aghaidh iadsann’ – ‘sinne’ mar dhaoine óga a bhfuil smaointe úra acu faoin saghas imeacht ar a bhfuil siad ag iarraidh freastal , agus ‘iadsann’, iad siúd a mbeadh easpa suime nó easpa muiníne acú i dtreo an rud úr agus neamhchoitianta. Is sean-scéal é agus, i bhformhór na gcásanna, scéal bréagach. Tá tacaíocht shuntasach léirithe ag criú an Gliogar ó na OPTanna a mbíonn siad ag obair leo (Oifigigh Pleanála Teanga- atá fostaíthe ag comhlachtaí maoinithe, Údarás agus Ealaín Na Gaeltachta atá ann le úsáid na Gaeilge a chaomhnú agus a spreagadh i gcomhthéacs gnó agus cultúr). Leis an tacaíocht seo is féidir leo seónna éagsúla a chur ar siúl sa Ghaeltacht gan a bheith buartha go gcaithfidh na healaíontóirí féin buille a ghlacadh ó thaobh airgid de, mar shampla an seó in Indreabháin leis an bpíobaire Albanach Bríghde Chaimbeul agus an boscadóir Déiseach Seamas Hyland. Bíonn craobh na Gaeilge den chraoltóir náisiúnta, RTÉ Raidio na Gaeltachta, ag tacú leis an nGliogar chomh maith (‘Shoutout do Micheál Ó Tuathail!’ arsa PT).

Go deimhin, is ar Raidió na Gaeltachta a chraoltar an manglam cheoil agus ceann de na seónna is seanbhunaithe ach fadradharcach : An Taobh Tuathail le Cian Ó Ciobháin. Tá Ó Ciobháin ag cur béime ar cheol avant-garde, trialach, agus ‘faoi thalamh’ as Éirinn agus thar lear le 25 bliain anuas – ar fad trí Ghaeilge.

Tá oidhreacht ‘weirdo-ceol’ sa Ghaeltacht, agus sa phobal Ghaeilge i gcoitinne – Giordaí Ua Laoghaire, Seán Monaghan agus an Maimín Cajun Band, níl ansin ach cuid de na hainmneacha a thagann chun cuimhne nuair a smaoinítear ar briseadh nósanna sa traidisiún. ‘Ba mhaith linn a thaispeáint go bhfuil daoine atá ina gcónaí sna háiteanna seo in ann rudaí mar seo a dhéanamh,’ a mhíníonn de Buitléir ar cad ba mhaith leo a bheith ann do Gliogar don lucht féachana. Is é an rud a dhíríonn Gliogar ar ina gclár agus ina léiriú ar cheol agus ealaín chomhaimseartha na Gaeilge agus na Gaidhlig ná an traidisiúin féin a bhaint as a chéile, gnáth pháirteanna an meaisín fuaime a ghlacadh agus iad a athchóiriú. Seo thíos cuid de na healaíontóirí atá ag obair trí Ghaeilge agus trí Ghaidhlig faoi láthair, a thrasnaíonn seánra, am agus uirlis agus a dtugann léargas úr ar na tréimhsí agus na teangacha ina bhfuil siad ag obair.

Trá Pháidín
An 424

Merch for this release:
Compact Disc (CD)

Tá clú bainte amach ag Trá Pháidín dóibh féin le blianta beaga anuas leis an mbealach atá acu stíleanna a chumasc lena n-áirítear an trad, krautrock, saor-snagcheol agus ceol timpeallach chun rud uatha agus spreagúil a chruthú. Glacann an naonúr acu a dtionchair faoi seach le chéile i léirithe beo spleodrach, le greann nach laghdaíonn a gclaonadh chun machnaimh. Tógann An 424 an t-éisteoir ar turas fuaime ar an mbealach bus a théann ó thuaithe Chonamara go cathair na Gaillimhe – na poill sa bhóthar, na tiontaithe géara, an t-aistriú ó bóthairín go dtín bealach mór, cuirtear iad seo ar fad in iúl i smacht an ghrúpa ar struchtúr agus ar uainiú.

Seamas Hyland
Maidin Domhnaigh

Merch for this release:
Compact Disc (CD), Vinyl LP

Tá’n boscadóir Hyland tar éis teacht chun cinn mar ghuth sainiúil ina chuid oibre le The Mary Wallopers, John Francis Flynn, Isadora Epstein agus Eimear Walshe, gan ach cúpla a lua. Ar a chéad ceirnín aonarach Maidin Domhnaigh, bogann an Déiseach ildánach níos gaire do lár na stáitse le machnaimh ar sheinm thraidisiúnta nach n-airíonn faoi bhrú ó smaointe íonachta gur féidir a mheascadh, ró-mhinic, le h-ionracas. Bogann Hyland tríd pléaráca agus luasanna éagsúla le grástúlacht iontach. Tá ton ábhailleach an albam leagtha amach sa rian oscailt ‘Navan Road’, agus cuireann ‘Press and Draw’ bomaite éisteacht dhomhain le cad is ann do ghléas an bhosca ceoil agus cad is féidir leis a bheith. Le meascán téagartha de chumadóireacht sean agus nua, taifeadtaí allamuigh, agus eilimintí cnaguirlisí á gcur ar fáil ag Ross Chaney, is scoith-eisiúint Éireannach den bhliain é Maidin Domhnaigh a thugann léargas d’ár tuiscint do uirlis agus a hoidhreacht.

RÓIS
MO LÉAN

Merch for this release:
Vinyl LP, Compact Disc (CD)

Ag brath ar cé leis a labhróidh tú leo, tá leaganacha an-difriúla di feicthe acu siúd a chonaic an ceoltóir ó Fhear Manach Róis ag seinm beo. Cuimsíonn a saothar ceol ensemble, tobchumadh aonair leictreonach, ceol traidisiúnta agus snagcheol comhaimseartha. Ach trasna gach leagan, seasann a stíl uatha agus a guth amach.
Is intreoir iontach é Uisce agus Bean ar Róis agus ar a h-ilchumas. Úsáideann sí díshondas mar dhuine cleachta in ealaín an uaigneas, le gnéithe scáfar laistigh de na rianta is taitneamhach. Is féidir le fonn mealltach filleadh isteach ann féin chomh tapa agus is féidir é a thiontú ina scréach uaibhreach. Tá iontas in gach casadh, fiú tar éis éisteacht go minic . Ní bhaineann a h-ildánacht mar cheoltóir óna mhuinín ghutha – feidhmíonn Róis le hintinniúlacht agus bíonn sí ag seinm le máistreacht. Tugann a heisiúint is déanaí MO LÉAN athshamhlú ar thraidisiún mná caointe na hÉireann – cumha amh agus cumhachtach a thugann léargas ar aibhseacht an bhróin. Sníonn Róis an focal labhartha agus caoineadh taibhsiúil thar bhuillí trip-hop agus bomaití de hipearphop chun athléiriú dinimiciúil a dhéanamh ar thraidisiún a iarrann orainn machnamh a dhéanamh ar cad is brí le maireachtáil laistigh agus taobh leis an mbás.

Princ€ss
Princ​€​ss

Merch for this release:
Vinyl LP

Coiníonn an comharghrúpa faoi thalamh seo iad féin faoi cheilt. Ach cé go bhfuil siad anaithnid ní hé sin le rá go bhfuil easpa féiniúlacht ann. Ar an albam féinteideal na bliana seo caite, chuimsigh Princ€ss doiléireacht i gcuibhreann de fuaim fabhtach, fairsing. Tagann na hamhráin ar nós íomhánna i mbrionglóid; tá comhleanúnachas áit éigin ar an imeall, díreach taobh thall d’ár dtuiscint. Uaireanta bíonn gliondar agus osna ar na rianta gan croí-mhothúchán inaitheanta nó inláimhsithe riamh. Ní gearán é seo; a mhalairt, tá Princ€ss ag leanúint sliocht ealaíontóirí ag iarraidh ar an éisteoir na patrúin éisteachta a bhfuil taithí acu orthu a cheistiú agus dúshlán a thabhairt dóibh suí i bhfuaim atá dochloíte agus fíor domhain.

Brìghde Chaimbeul
Carry Them With Us

Merch for this release:
Compact Disc (CD), Vinyl LP

Tá an píobaire ón Eilean Sgitheanach Chaimbeul tar éis an phíb beag a thabhairt os comhair lucht féachana nua le blianta beaga anuas. Thairg a haonréad ar ‘Blood and Butter’ le Caroline Polachek iniúchadh spreagúil ar cad ba cheart nó a d’fhéadfadh dhéanamh lena huirlis, ag cur na bpíopaí beaga agus a seinnteóir os comhair lucht féachana nua ag an am céanna.

Is fuaim í seo a iompraíonn an oiread meáchain i séipéal ón 18ú haois nach mór lán d’fhéile na Háige Rewire agus a dhéanann sé i Seanscoil Sailearna in Indreabhán. Ar an albaim ó 2023 Carry Them With Us bhí sí ag comhoibriú leis an seinnteóir feaguirlis Colin Stetson thar dheich rian a thugann an t-éisteoir gar do chroí an drón – gléas sonach don scrios nó an athchruthú, ag brath ar mhaitheas an ealaíontóra.

Muireann ní Shé
Éistigh Liomsa Sealad

Merch for this release:
Compact Disc (CD)

Ag smaoineamh ar conas is féidir le ceol chomhaimseartha maireachtáil taobh le taobh le ceol traidisiúnta, tagann an ealaíontóir ildánach Corcaíoch seo chun cuimhne. Ní hamháin go dtig leo maireachtáil taobh le taobh ach is féidir iad a thabhairt le chéile i bhfuaimdhreach bríomhar. Léiríonn céad albam Uí Shé, Éistigh Liomsa Sealad, a chumas mar phíobaire uilleann agus cuireann sé i láthair í mar charachtar iontach chun stair shaibhir na huirlise a iompar chun tosaigh. Mar aon le cóiriú ar an sean nós atá treisithe ag a glór binn agus a hornáidiú tuisceanach, is saothar é seo a léiríonn go sainiúil cumas Ní Shé mar cheoltóir, mar cóiritheoir agus mar iompróir tóirse.

Súil Amháin
athPhORT

Tá an file agus gabaire ó Lios Tuathail i measc na boic mhóra ó ghlúin nua rapálaithe a bhíonn ag obair trí Ghaeilge. Tugann a chuid rianta an mothú de meascán ama agus féiniúlacht Éireannach trí shampláil géarchúiseach agus liriciúlacht ina mhullach. Léiríonn a chéad albam AthPhORT é i mbuaic a cheirde, a shreabhadh ag luascadh agus a chuid focal ag léiriú machnaimh agus uaillmhian araon. Léirithe ag Bantum, is tírdhreach é AthPhORT ina bhfuil buillí 808, fuaimeanna aimsithe agus rithimí neamhfhálaithe ina gcuireann Súil Amháin i gcuimhne dúinn le greann agus le diongbháilteacht go bhfuil sé ar cheann de na guthanna is suntasaí ar an oileán faoi láthair.

Colm Seoighe agus na hEasógaí
“Pota M​ó​r Fataí”

Ainm amháin a thagann chun solais le linn an chomhrá le criú an Gliogar mar shainmhíniú ar an ealaín eisceachtúil, corraitheach atá siad ag iarraidh a chur ar ardán sa Ghaeltacht agus ón Ghaeltacht ná Colm Seoighe agus na hEasógaí. Tá an banna óg as Conamara ag cur casadh dá gcuid féin ar na hamhráin a d’fhás siad aníos leo agus ag cur spleodar intú a mheallfadh lucht féachana i dteanga ar bith. Tá leagan s’acu de Pota Mór Fataí lán de fuinneamh agus is iontach an spraoi a bheith ag éisteacht leis. Tá a ndíograis soiléir le feiceáil trasna a gcuid ceol uilig, ba cheart súil a choineal amach díofa seo.

Glossary:

athshondas: resonance
Manglam: Cocktail or mix
Déiseach ildánach: A multi-talented Déise person
Tobchumadh: Improvised music

Mná Caointe: Keening Women (historically women who improvised laments for the dead at Irish wakes & funerals)
Comharghrúpa: Supergroup or Collective
Fabhtach: Unsettling, Eerie
Aonréad: A musical solo

Mo Léan: My Suffering

Maidin Domhnaigh : Sunday Morning
Éistigh Liomsa Sealad: Listen To Me A While
Sreabhadh: Flow
Uainiú: Timing

Read more in Experimental →
NOW PLAYING PAUSED
by
.

Top Stories

Latest see all stories

On Bandcamp Radio see all

Listen to the latest episode of Bandcamp Radio. Listen now →