Murtall
Is éard atá i gceist leis an murtall (nó otracht nó ró-raimhreacht uaireanta) ná raimhre a dhéanann dochar don tsláinte (úsáidtear an téarma ró-raimhre uaireanta).
Innéacs corpmhaise
Má bhíonn comhéifeacht maise na colainne (BMI) níos mó ná 30%, duine murtallach is ea é sin. Duine le BMI 25-30, is ramhar é mar thoradh ar charnadh iomarcach saille sa cholainn. Más luach BMI 20-25 atá ag duine, is duine an-chothrom é. Nuair is lú an BMI ná 20, is scáinteachán nó ocrach an duine.
- Tuilleadh eolais: innéacs corpmhaise
Cúis agus éifeacht
Tarlaíonn murtall de bharr an iomarca bia a ithe de ghnath, nó ráta íslithe meitibileachta a leanann galar faireogach nó lot san inchinn. Tuigtear go bhfuil gaol idir raimhre is easláinte colainne, agus ní annamh a fheictear galair croí, mar shampla, ar dhaoine ramhra.
Tá togracht ghéiniteach chun otrachta ag daoine áirithe.
Éifeacht
Ar an meán, is mó an leibhéal galair is míchumais, is giorra an saol, agus is lú an táirgiúlacht i gcás duine i rang ar bith díobh seo, agus is mó an brú a chuireann siad ar an gcóras sláinte.
Dá bharr sin, moltar don té atá ramhar é féin a thanú. An modh díreach le sin a dhéanamh, ar ndóigh, ná srian a chur leis an ngoile.
Eipidéimeolaíocht
De réir an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, tá 20% de dhaonra an domhain ramhar nó murtallach, agus 20% eile ocrach. Tá míchothú ar 40% de dhaonra an domhain, gan dóthain cothú ag na hocraigh, gan dóthain cothú fholláin ag na ramhair is na murtallaigh.
Is ábhar imní é fadhb reatha na hotrachta i measc leanaí go háirithe.
Éire
In Éirinn tá thar 40% de na fir is thar 25% de na mná ramhar nó murtallach, níos mó ná 12% de na fir murtallach is 9% de na mná.
Maidir leis an dá rang seo, tá Éirinn i bhfad níos measa ná an meánráta ar fud an domhain.
Stair
D'fhoilsigh Seanad Stáit Aontaithe Mheiriceá an tuairisc McGovern, "Dietary Goals for the United States" ar an 14 Eanáir 1977.[1] Tuairiscíodh "is aicíd nach bhfuil ach ina tús fós í an ró-raimhre".[2]
Ach bhí an tionscal agraibhia in aghaidh na moltaí.[3] D'fhógair sé cogadh ar an tuairisc agus níor aontaíodh go gcaithfí rud éigin a dhéanamh ag an am. Is mar dheis a cailleadh a chuimhneofar ar an tuairisc McGovern.
Gaeilge
An duine atá ag éirí murtallach, deirimid i nGaeilge go bhfuil sé ag titim chun murtaill.
An duine a thitfidh chun murtaill, beidh a lán galar ag bagairt air, cosúil leis an taom croí agus diaibéiteas de chineál B, is é sin, diaibéiteas na scothaoise is na cnagaoise.
Tagairtí
- ↑ National Center for Biotechnology Information, SAM (1976–1977). "McGovern's Senate Select Committee on Nutrition and Human Needs Versus the: Meat Industry on the Diet-Heart Question". Dáta rochtana: 2022.
- ↑ Select Committee on Nutrition and Human Needs, United States Senate. (1977). "Dietary goals for the United States". Dáta rochtana: 2022.
- ↑ "United States Senate Select Committee on Nutrition and Human Needs" (as en) (2021-10-29). Wikipedia.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol faoin galar é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |