Fearán baicdhubh
Streptopelia decaocto | |
---|---|
Streptopelia decaocto decaocto | |
Taifead | |
Sonraí | |
Mais | 9.2 g 193 g |
Réise sciathán | 30 cm |
Stádas caomhnaithe | |
Speiceas is lú imní | |
UICN | 22727811 |
Tacsanomaíocht | |
Aicme | Aves |
Ord | Columbiformes |
Fine | Columbidae |
Géineas | Streptopelia |
Speiceas | Streptopelia decaocto (Frivaldszky, 1838) |
Ainmníocht | |
An chéad ainm Laidine a bhí air | Columba decaocto |
Léarscáil de raon an tacsóin | |
Speiceas colm atá dúchasach don Eoraip agus don Áise is ea an fearán baicdhubh (Streptopelia decaocto); tugadh isteach sa tSeapáin, i Meiriceá Thuaidh agus oileáin i Muir Chairib é.
Tacsanomaíocht
Ba é Columba decaocto an t-ainm eolaíoch a mhol an nádúraí Ungárach Imre Frivaldszky sa bhliain 1838.[1] Is é Plovdiv na Bulgáire an ceantar tíopúil.[2] Sa lá atá inniu ann, cuirtear an speiceas sa ghéineas Streptopelia a mhol t-éaneolaí Francach Charles Lucien Bonaparte sa bhliain 1855.[3][4]
Mheastaí gur fospeiceas den fhearán baicdhubh é an fearán Burmach (S. xanthocycla), ach chuir an IOC ina speiceas féin é in 2021.[5][6] Glacadh le dhá fhospeicis eile roimhe seo, S. d. stoliczkae ón Turcastáin i lár na hÁise agus S. d. intercedens ó dheisceart na hIndia agus Srí Lanca.[7] Meastar anois gur comhchiallaigh shóisearacha iad den fhospeiceas ainmneach (S. d. decaocto).[8]
Sanasaíocht
Tagann ainm an ghéinis ón tSean-Ghréigis streptos a chiallaíonn “coiléar” nó “muince”, agus peleia a chiallaíonn “colm”. Tagann ainm an speicis ón fhocal Gréigise decaocto a chiallaíonn “ocht déag”,[9] rud a bhaineann le scéal ó mhiotaseolaíocht na Gréige. Bhí cailín ann a bhí ag obair go crua ach a bhí míshásta nár shaothraigh ach 18 cianóg sa bhliain. D'impigh sí ar na déithe cur in iúl don saol a laghad a bhí sé ag fáil óna máistreás. Dá bharr sin, chruthaigh Séas an colm seo atá ag gairm “decaocto” ó shin i leith.[2][10]
Stádas i Meiriceá Thuaidh
Sa bhliain 1974, d'éalaigh níos lú ná 50 fearán baicdhubh ó shiopa peataí i Nassau na mBahámaí le linn buirgléireachta.[11][12] Ó na Bahámaí, scaip an speiceas go Florida,[13] agus faightear anois é i mbeagnach gach stát sna Stáit Aontaithe,[14] agus i Meicsiceo.[15]
Tagairtí
- ↑ Frivaldszky, I. (1838). "Balkány vidéki természettudományi utazás" (as hu). Magyar Tudós Társaság Évkönyvei 3 (3): 156–184 [183–184, Plate 8].
- ↑ 2.0 2.1 Fisher, J. (1953). "The collared turtle dove in Europe". British Birds 46 (5): 153–181.
- ↑ Bonaparte, C. L. (1855). "Coup d'oeil sur les pigeons (quatrième partie)" (as fr). Comptes Rendus Hebdomadaires des Séances de l'Académie des Sciences 40: 15–24 [17].
- ↑ Gill: “Pigeons”. IOC World Bird List Version 10.1. International Ornithologists' Union (2020). Dáta rochtana: 28 February 2020.
- ↑ “Species Updates – IOC World Bird List” (en-US). Dáta rochtana: 2021-06-13.
- ↑ del Hoyo, J. (2020). "Handbook of the Birds of the World Alive". Lynx Edicions. doi:. Dáta rochtana: 29 February 2020.
- ↑ Cramp, S. (1985). "Handbook of the Birds of Europe, the Middle East and North Africa: the birds of the Western Palearctic. Volume 4: Terns to woodpeckers": 340−353. Oxford: Oxford University Press. ISBN 978-0-19-857507-8.
- ↑ Baptista, L. F. (1997). "Handbook of the Birds of the World. Volume 4: Sandgrouse to Cuckoos": 137. Barcelona: Lynx Edicions. ISBN 84-87334-22-9.
- ↑ Jobling, J. A. (2010). "The Helm Dictionary of Scientific Bird Names": 131, 367. London: Christopher Helm. ISBN 978-1-4081-2501-4.
- ↑ Naumann, J. F. (1837). "Ornithologische Reise nach und durch Ungarn" (as de). Archiv für Naturgeschichte 3 (1): 69–110 [107].
- ↑ Hengeveld, R. (1993). "What to Do about the North American Invasion by the Collared Dove?". Journal of Field Ornithology 64 (4): 477–489. JSTOR 4513859.
- ↑ "Eurasian Collared-Dove". Dáta rochtana: 2024-01-31.
- ↑ Scheidt, SN (2014). "Range Expansion and Population Dynamics of an Invasive Species: The Eurasian Collared-Dove (Streptopelia decaocto)". PLOS ONE 9 (10): e111510. doi: . PMID 25354270. Bibcode: 2014PLoSO...9k1510S.
- ↑ Schuler, K. (2012). "Expansion of an Exotic Species and Concomitant Disease Outbreaks: Pigeon Paramyoxovirus in Free-Ranging Eurasian Collared Doves". EcoHealth 9 (2): 163–170. doi:PMID 22476688. .
- ↑ Almazán-Núñez, R. C. (2014). "Nuevos registros de la paloma turca (Streptopelia decaocto) en el estado de Guerrero, México". Acta Zoológica Mexicana 30 (3): 701–706. doi: .