Oíche Chiúin
Cuma
Cumadh an t-amhrán naofa Nollag, Oíche Chiúin ag an teagascóir agus orgánaí Franz Gruber agus an cléireach Joseph Mohr. Casadh é don chéad uair ar 24 Nollaig 1818 in eaglais naomh Nicolás in Oberndorf i Salzburg san Ostair. Is é ceann de na hamhráin naofa Nollag is aitheannta ar domhan é.
Is iad na focla (as Gaeilge) ná:
- Oíche chiúin, oíche Mhic Dé,
- Cách ina suan dís araon,
- Dís is dílse 'faire le spéis,
- Naoín beag gnaoigheal ceananntais caomh,
- Críost, 'na chodhladh go séimh,
- Críost, 'na chodhladh go séimh.
- Oíche chiúin, oíche Mhic Dé,
- Aoirí ar dtús chuala 'n scéal,
- Allelúia aingeal ag glaoch.
- Cantain suairc i ngar is i gcéin,
- Críost an Slánaitheoir Féin,
- Críost an Slánaitheoir Féin.