Hipitéis na tréimhse criticiúla
Tá hipitéis na tréimhse criticiúla ina ábhar díospóireachta le fada an lá sa teangeolaíocht agus i sealbhú teanga faoin méid a bhfuil cúrsaí aoise mar athróg lárnach i gcás sealbhú éifeachtach teanga.
Is iad Wilder Penfield, Lamar Roberts (1959) agus Eric Lenneberg (1967) a chuir an teoiric faoin hipitéis i gcás sealbhú na céad teanga chun cinn ar dtús, ina leabhar 1959 Speech and Brain Mechanisms, Penfield, W.; Roberts, L. (1959). Speech and Brain Mechanisms.[1], bunaithe ar fhianaise ó chásanna sealbhaithe na céad teanga i measc páistí áirithe. Is ábhar conspóideach é ábhar na hipitéise sa ghort ó shin idir iad siúd atá ar aon fhocal leis an hipitéis agus iad siúd atá i gcoinne na hipitéise.[2] Deirtear i hipitéis na tréimhse criticiúla gurb é an chéad chúpla bliain dá shaol an t-am ríthábhachtach inar féidir le duine a chéad teanga a shealbhú má chuirtear spreagthaí leordhóthanacha ar fáil dó, agus go mbraitheann sealbhú céad teanga ar néaraplaisteacht. Mura dtarlaíonn ionchur teanga go dtí tar éis an ama seo, ní bhainfidh an duine ceannas iomlán teanga amach go deo.[3] Tá go leor díospóireachta ann maidir le tráthúlacht na tréimhse criticiúla maidir le sealbhú an dara teanga (SDT), le meastacháin idir 2 agus 13 bliana d’aois.[4] Díorthaítear hipitéis na tréimhse criticiúla ón gcoincheap tréimhse chriticiúil sna heolaíochtaí bitheolaíocha, a thagraíonn do thréimhse shocraithe ina gcaithfidh orgánach scil nó cumas a fháil, nó nach mbeidh an t-orgánach in ann é a fháil níos déanaí sa saol. Ó cheart, baineann an tréimhse chriticiúil a fhíoraítear go turgnamhach le tréimhse ama inar féidir damáiste d’fhorbairt an chórais amhairc a dhéanamh, mar shampla má bhaintear an t-ionchur déshúileach riachtanach d’ainmhithe chun aireachtáil doimhneachta (Béarla:stereopsis) a fhorbairt.
Rinne réamhthaighde ar hipitéis na Tréimhse Criticiúil imscrúdú ar chliathrú na hinchinne mar chúis néareolaíoch a d’fhéadfadh a bheith ann,[5] ach bhí drochmheas ar an gcúis theoiriciúil seo den chuid is mó ós rud é nach gá go méadaíonn cliathú le haois, agus níor socraíodh riamh aon nasc deifnídeach idir cumas foghlama teanga agus cliathánacht.[6] Le déanaí, tugadh le fios, má tá tréimhse chriticiúil ann, go bhféadfadh sé a bheith mar gheall, go páirteach ar a laghad, ar fhorbairt mhoillithe na coirtéise réamhthosaigh i leanaí daonna.[7][8] Thug taighdeoirí le fios go bhféadfadh forbairt mhoillithe ar an coirtéis réamhthosaigh agus moill ghaolmhar i bhforbairt rialú cognaíocha gnásfhoghlaim a éascú, rud a ligfidh do leanaí óga teanga a fhoghlaim i bhfad níos éasca ná daoine fásta ata aibí go cognaíoch agus leanaí níos sine. Tá an patrún seo d’fhorbairt réamhthosach uathúil do dhaoine i measc speicis mhamach (agus príomhaigh) den chineál céanna, agus d’fhéadfadh sé a mhíniú cén fáth go bhfuil daoine - agus ní simpeansaithe - chomh hinniúil sin ag foghlaim teanga. [9]
Inniúlacht Theangeolaíoch
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá an plé ar thréimhse chriticiúil teanga casta mar gheall ar an suibiachtúlacht maidir le hinniúlacht mar a bheadh dúchasach i dteanga, lena n-áirítear rudaí cosúil le fuaimniú, prósáid, strus siolla, uainiú agus bunús na hurlabhraíochta.[10] Tá tréimhsí criticiúla laga ag gnéithe áirithe den teanga, mar shampla tiúnadh fóinéim, próiseáil gramadaí, rialú urlabhraíochta, agus sealbhú foclóra agus is féidir iad a fheabhsú go suntasach trí oiliúint ag aois ar bith.[11][12] Tá tréimhsí criticiúla láidre ag gnéithe eile den teanga, mar shampla sintéis mheabhrach, agus ní féidir iad a fháil tar éis dheireadh na tréimhse criticiúla.[13]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Princeton: Princeton University Press. ISBN 978-0-691-08039-0.
- ↑ Staidéar ar Fhoghlaimeoirí Éifeachtacha na Gaeilge ar an Dara agus ar an Tríú Leibhéal le Karen Ní Chlochasaigh. https://www.cogg.ie/wp-content/uploads/karen-ni-chlochasaigh-trachtas-dochtuireachta.pdf
- ↑ "{{{title}}}" (1967). New York: John Wiley & Sons.
- ↑ Loewen, Shawn; Reinders, Hayo (2011). Key concepts in second language acquisition. Houndmills, Basingstoke, Hampshire: Palgrave Macmillan. ISBN 978-0-230-23018-7.
- ↑ "{{{title}}}" (1965). Brain 88 (4): 787–798. doi:PMID 5856079. .
- ↑ "{{{title}}}" (1995). Mississauga, Ontario: Copp Clark Ltd.
- ↑ Thompson-Schill, Ramscar & Chrysikou 2009
- ↑ Ramscar & Gitcho 2007 .
- ↑ Dye 2010.
- ↑ "{{{title}}}" (1972). American Anthropologist 74 (3): 308–317. doi: .
- ↑ "{{{title}}}" (5 January 1996). Science 271 (5245): 81–84. doi:PMID 8539604. .
- ↑ "Teideal in easnamh ar an lua Either specify one, or click here and a bot will try to complete the citation details for you. {{{title}}}" (as en) (December 1998). Nature Neuroscience 1 (8): 727–731. doi: . ISSN 1546-1726. PMID 10196590.
- ↑ "Teideal in easnamh ar an lua Either specify one, or click here and a bot will try to complete the citation details for you. {{{title}}}" (31 August 2017). Research Ideas and Outcomes 3: e20696. doi: .