Imoibrí
Cuma
Sa cheimic, is éard is imoibrí nó imoibrí anailíseach ann ná substaint nó comhdhúil a chuirtear le córas chun imoibriú ceimiceach a chur ar bun, nó a leithéid a thástáil. Is minic a úsáidtear na téarmaí imoibreán agus imoibrí go hidirmhalartaithe, ach sonraíonn imoibreán substaint a ídítear le linn imoibriúcháin cheimicigh. Ní thugtar imoibreáin ar thuaslagóirí, cé go bhfuil baint acu leis an meicníocht imoibrithe, de ghnáth. Ar an gcaoi chéanna, ní ídítear catalaígh tríd an imoibriú agus mar sin ní imoibreáin iad. Sa bhithcheimic, go háirithe i dtaca le himoibrithe einsímchatalaithe, tugtar substráití go coitianta ar na himoibreáin.