Polaibias
Ainm sa teanga dhúchais | (grc) Πολύβιος |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | c. 200 "RCh" (<199 "RCh") Megalopoli, An Ghréig |
Bás | c. 120 "RCh" (>133 "RCh") 79/80 bliana d'aois an Ghréig, An Ghréig |
Siocair bháis | Bás tionóisceach (Titim de chapall) |
Teanga dhúchais | an tSean-Ghréigis |
Gníomhaíocht | |
Gairm | staraí, saighdiúir, scríbhneoir |
Tréimhse ama | An Ré Heilléanaíoch |
Teangacha | An tSean-Ghréigis |
Saothar | |
Saothar suntasach
| |
Teaghlach | |
Athair | Lycortas |
Ba staraí Gréagach den tréimhse Heilléanach é Polúbios, (Sean-Ghréigis: Πολύβιος, Polúbios ;c. 208- c. 125 RCh) a bhain clú amach mar gheall ar a shaothar 'Na Startha' (Sean-Ghréigis:Ἱστορίαι, ''Historíai''). a chlúdaigh an tréimhse 264–146 RCh go mion. Cuireann an obair síos ar dul chun cinn na Poblachta Rómhánaí go dtí a stádas ceannasachta san Mheánmhuir ársa, agus cuimsíonn sí cuntas finné súl ar Léigear na Cartaige agus Léigear na Corainte, sa bhliain 146 RCh, agus an ionghabháil Rómhánach ar mhórthír na Gréige tar éis an Cogadh Acaech.
Tá Polybius tábhachtach mar gheall ar a anailís a rinne sé an mbunreacht measctha nó ar an scaradh cumhachtaí sa rialtas, a raibh tionchar aici ar De l'esprit des loix (An Ghaeilge: “Spiorad na nDlíthe”) de chuid Montesquieu, agus ar “chumadóirí” Bhunreacht na Stát Aontaithe.
Dúchas
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Polybius thart ar 208 RCh i Megalopolis,(Ollchathair>), An Arcáid, nuair a bhí sí ina ball gníomhach de Chonradh na hAcháia. Bhí a athair, Lycortas, (Sean-Ghréigis: Λυκόρτας,Lykórtas) ina pholaiteoir iomráiteach a raibh talamh aige, agus ina bhall den uasaicme rialaithe a tháinig chun mar strategos (ginearál i gceannas) ar Chonradh na hAcháia. Dá bhrí sin, bhí Polybius in ann breathnú go díreach ar ghnóthaí polaitiúla agus míleata na cathrach 'Megalopolis'. Chuir sé spéis i marcaíocht capall agus fiach, caitheamh aimsire a bhfuair faomhadh dó ina dhiaidh sin óna bhraighdeanaithe Rómhánacha.
Sa bhliain 182 R.Ch., tugadh mór-onóir dó nuair a roghnaíodh é chun próca luaithrigh Philopoemen a iompair, ceann de pholaiteoirí na hAcháia is cáiliúla dá ghlúin. I 69 RCh nó 170 RCh, toghadh Polybius ina Hipparchus (oifigeach marcra), ócáid a chiallaigh go minic go mbeadh sé tofa don Strategia bhliantúil (ceannaire airm). Bhí a luath ghairmréim pholaitiúil dírithe ar neamhspleáchas Megalopolis a chothabháil.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Pages with image sizes containing extra px
- Ailt le téacs sa Fhraincis
- Daoine a rugadh i 200í RC
- Básanna i 110í RC
- Gréigis an 2ú haois RC
- Staraithe an 2ú haois RC
- Acadaigh Ársa
- Polaiteoirí Gréagacha an 2ú haois RC
- Ollchathracha ársa
- Staraithe ón ré Heilléanach
- Staraithe teoiriciúla
- Scríbhneoirí míleata na Sean-Ghréige