Roe v. Wade
Cineál | breithiúnas de chuid Chúirt Uachtarach na Stát Aontaithe | ||
---|---|---|---|
Dáta foilsithe | 22 Eanáir 1973 | ||
Príomhábhar | abortion in the United States (en) | ||
Tír | Stáit Aontaithe Mheiriceá | ||
Baint le limistéar údaráis | Stáit Aontaithe Mheiriceá | ||
Gearánaí | Norma McCorvey | ||
Cosantóir | |||
Cúirt | Cúirt Uachtarach na Stát Aontaithe | ||
Croineolaíocht | |||
11 Deireadh Fómhair 1972 | Argóint béil | ||
24 Meitheamh 2022 | Negation (en) | ||
Codanna | |||
Haischlib | #RoeVWade |
I ndiaidh an bhreithiúnais Roe v Wade (1973) sna Stáit Aontaithe, bhí an ginmhilleadh le fáil i ngach Stát gan srian suas le 12 sheachtain an toirchis. Roimh 1973, bhí an ginmhilleadh le fáil i Stáit áirithe (New York, California, Washington, srl) ach bhí srianta móra (nó cosc iomlán) i Stáit eile (Texas, Florida, Illinois, srl).
Sa bhliain 2023, chuir an Chúirt Uachtarach na Stát Aontaithe an bhreith ar ceal agus bhí an ceart ag gach Stát a reachtaíocht féin a ritheadh arís ar ais.
Breithiúnas
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa chás Roe v Wade 410 U.S. 113 (1973), rialaigh Cúirt Uachtarach na Stát Aontaithe go bhféadfadh dlí Stáit cosc a chur ar ghinmhilleadh, tar éis don suth a bheith inmharthana, nó 12 sheachtain. Roimhe 12 sheachtain, ba cheart tús áite a thabhairt do chearta príobháideachta na mná, a dúirt an Chúirt.[1][2] Tugadh an breithiúnas ar 22 Eanáir 1973.
2022ː ar neamhní
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar 24 Meitheamh 2022, chuir an Cúirt Uachtarach deireadh leis an gceart - ar bhonn náisiúnta - ar ghinmhilleadh a fháil. Chuir an chúirt rialú an cháis idir Roe v Wade i 1973 'ar neamhní' ó thaobh an dlí Feidearálach.[3] Anois tá an ceart féinchinntiúcháin i bhfeidhm, an ceart ag gach Stát a reachtaíocht féin a ritheadh (mar atá san Aontas Eorpach).[4]
Thug rialú na Cúirte Uachtaraí bua mór do Phoblachtaigh agus do chaomhaigh eile i Meiriceá a bhfuil cosc ar ghinmhilleadh á éileamh acu le fada.
Vótaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Thug an pobal tacaíocht láidir níos déanaí, sna háiteacha ar cuireadh an cheist orthu, do chearta ginmhillte i ndlí a gcuid Stát ó tharla ceart feidearálach a bheith curtha ar neamhní ar an gCúirt Uachtarach. Sa bhliain 2023, vótáil Poblachtánaigh in Ohio, Kentucky agus áiteacha eile ar son cearta ginmhillte.[5]
Gnéithe de dhlí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ábhar, cás agus breithiúnas an-chonspóideach ba ea Roe v Wade. B'iomaí dlíodóir a mhaígh, Poblachtach nó Daonlathach, nach raibh an breithiúnas sásúil (mar shampla an dlí-eolaí, John Hart Ely ina aiste cháiliúil The Wages of Crying Wolf: A Comment on Roe v. Wade sa bhliain 1973[6]).
Níos déanaí, mhínigh Breitheamh Ruth Bader Ginsburg ina haiste Some Thoughts on Autonomy and Equality in Relation to Roe v. Wade,[7] a foilsíodh i 1985, gur tháinig dlíthe cosúil leis an ochtú leasú a bhí againne in Éirinn idir 1982 -2018 salach ar chumas na mban ‘to stand in relation to man, society, and the state as an independent, self-sustaining, equal citizen’.[8]
Dar le Ginsburg, níor mhínigh an Chúirt Uachtarach ceist an ghinmhillte i gceart. Mhaígh an Chúirt i 1973 gur chóir go mbeadh cead ag bean deireadh a chur le toircheas dá dtabharfaí an chomhairle sin di nuair a bhí sí ag caint lena dochtúir go príobháideach. Más ea, d’eascair an ceart sin as an bpríobháideachas féin. Argóint fhíorlag ab ea í sin dar le Ginsburg agus chuir sí béim ar choincheap eile, sé sin an comhionannas.[8]
Dar léi, dá gcuirfeadh an stát féin pionós ar bhean a bhí ag déanamh iarracht ginmhilleadh a fháil di féin, ní bheadh an stát ag tabhairt cothrom na Féinne di toisc nár cuireadh bac nó pionós ar bith ar an bhfear a chruthaigh an féatas céanna.[8]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Ciarán Mac Aonghusa (2010). "John Paul Stevens agus Cúirt Uachtarach na Stát Aontaithe" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2021-05-06.
- ↑ From the second trimester, the Court ruled that evidence of increasing risks to the mother's health gave states a compelling interest that allowed them to enact medical regulations on abortion ... From the beginning of the third trimester, the Court ruled that a state's interest in protecting prenatal life became so compelling that it could legally prohibit all abortions Nowak, John E.; Rotunda, Ronald D. (2012). Treatise on Constitutional Law: Substance and Procedure (5th ed.). Eagan, Minnesota: West Thomson/Reuters. OCLC 798148265
- ↑ Nuacht RTÉ (2022-06-24). "Ceart ar ghinmhilleadh sna Stáit Aontaithe curtha ar neamhní" (as ga).
- ↑ The New York Times (2022-05-24). "Tracking the States Where Abortion Is Now Banned" (en-US). The New York Times. Dáta rochtana: 2023-01-22.
- ↑ Máirín Ní Ghadhra (12 Samhain 2023). "Cén fáth ar cheart tusa a roghnú in áit Donald Trump?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-11-15.
- ↑ John Hart Ely, Yale Law Journal (1973). "The Wages of Crying Wolf: A Comment on Roe v. Wade". Dáta rochtana: 2021.
- ↑ Ruth Bader Ginsburg (1985). "Some Thoughts on Autonomy and Equality in Relation to Roe v. Wade". Dáta rochtana: 2021.
- ↑ 8.0 8.1 8.2 John-Paul McCarthy (2020). "Bhí léargas ar leith ag Ruth Bader Ginsburg ar chás na mban" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-05-06.