Teasfhulangach
Cuma
Is éard is teasfhulangach[1] ann ná ábhar nach ndíchumtar nó nach n-athraítear go ceimiceach nuair a nochtar do theocht ard é. Mar sin, is an-áisiúil iad mar shoithigh, ábhair struchtúrtha, agus comhbhaill in oibrithe miotalóireachta cosúil le líneáil foirnéise. Is ábhair nádúrtha mar seo silice, alúmana is cré thine. Tá teasfhulangaigh shaorga ann freisin, ina measc na cairbídí is na nitridí, nach leánn ach ag teocht fhíorard agus a úsáidtear i stáisiúin núicléacha leictreacha.[2]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ““teasfhulangach” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-05-01.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Teasfhulangaigh". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 648.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |