Athrú aeráide in Éirinn
Tá leibhéil an CO2 san atmaisféar chomh maith leis na harduithe sna meánteochtaí domhanda níos airde anois ná am ar bith le 650,000 bliain. Tá athruithe móra i ndán dá bharr, in Éirinn agus thar lear, do chúrsaí oibre, taistil, tomhaltais, seirbhísí agus dramhaíola.[2][3][4]
Athrú aeráide : na figiúirí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Léiríonn na figiúirí ó Met Éireann don tréimhse 1961-2020 go bhfuil Éire ag éirí níos teo, agus go bhfuil níos mó báistí ann. Agus beidh cúinsí neamhghnácha aimsire ann níos minice – bíodh sin teas mór, báisteach throm nó gálaí gaoithe.[5][6]
Idir 1991-2020 ar an meán, ba é teocht an aeir in Éirinn ná 9.8°C agus na ceantair cois cósta níos teo ná talamh crochta. Sin le rá gur 0.7 céim Celsius d’ardú a tháinig ar an meánteocht in Éirinn ón tréimhse 1961-1990.[5]
An áit a bhfuil teas beidh gal agus ní haon iontas mar sin gur tuilleadh fliuchrais a thagann leis an téamh. Ar an meán thit 7% níos mó báistí ná mar a bhí in Éirinn ó 1961-1990, agus an t-ardú is mó san iarthar agus sa tuaisceart. Mí Iúil is suntasaí a bhí an t-athrú sin ar an meánmhéid báistí mar ar tháinig ardú 22% ar bháisteach na míosa sin.[6]
Plean Aeráide an Rialtais, 2017-2021
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí sé ráite ag an nGCC sa bhliain 2017 go raibh ag teip ar pholasaithe an rialtais maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, agus go dteastaíonn beartais nua, le go mbeidh an tír seo in ann laghdú a chur ar an truailliú.[7] Ní raibh ach 20% den sprioc a bhí socruithe ag an rialtas bainte amach faoin mbliain 2020 (roimh Covid).
D'fhoilsigh an Rialtas in Éirinn plean amháin sa bhliain 2017 agus ansin plean eile sa bhliain 2021, 'Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide'.[8][9][10] Faoi Phlean 2021, bhí sé mar aidhm ag an Rialtas astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 51% faoin mbliain 2030.
Cuireadh go láidir i gcoinne an phlean seo sa bhliain 2022.[11] Bhí easaontas mór idir páirtithe an Rialtais faoi cén sprioc ba cheart a bheith ann d’fheirmeoirí.[12] Dúradh sa phlean ar dtús go gcaithfeadh feirmeoirí a gcuid astuithe a laghdú idir '22-30%' sna 'blianta' atá romhainn. Ach sprioc neamhbheacht a bhí ann ag an am.[13] I mí Iúil 2022, bhí sé socraithe ag an Rialtas laghdú 25% a lorg ar astaíochtaí carbóin san earnáil talmhaíochta faoin mbliain 2030, comhghéilleadh idir costas agus astaíochtaí.[14]
Fógraíodh beartais éagsúla in Éirinn le feirmeoirí a spreagadh a gcuid talún á úsáid ar bhealaí nua (polasaithe na láimhe dofheicthe). Ach thar lear, i gcodarsnacht leis sin, tugadh bearta sriantacha isteach, mar shampla cuótaí ciondála san Ísiltír[15][16] agus sa Bheilg.[17]
2020-2021
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tháinig laghdú ar astaíochtaí le linn na paindéime Covid-19 mar go raibh gnóthais dúnta agus go raibh daoine ag fanacht sa bhaile nó gar do bhaile. Tháinig deireadh leis sin sa bhliain 2021/2022 agus thosaigh ag dul sa treo mícheart arís.[2]
- Féach freisin :Tonn teasa in Éirinn agus sa Bhreatain, Iúil 2021
2022
[cuir in eagar | athraigh foinse]I bPáirc an Fhionnuisce, cláraíodh an teocht is airde i mBaile Átha Cliath riamh, 33.0 céim Celsius, ar 18 Iúil 2022 ( 20.1°C ar an meán 1981-2010).[19]
- Féach freisin: Tonn teasa san Eoraip, Iúil 2022
I mí an Mheithimh 2022, d'iarr an Gníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil, Éire (GCC) ar an Rialtas pleananna agus polasaithe aeráide na hÉireann a chur i bhfeidhm go pras, nó ní bheadh Éire a spriocanna maidir le hastaíochtaí gás a bhaint amach. Dúirt an GCC go raibh bearna ollmhór idir uaillmhian agus ghníomh,[20] ainneoin an aidhm astaíochtaí a laghdú 51% a bheith ina ceangal docht dlí. "Má leantar den tsiléigeacht, ní bheidh bainte amach faoin mbliain 2030 ach laghdú 28%. Tarraingítear aird ar an earnáil talmhaíochta thar aon earnáil eile sa tuarascáil de chuid an GCC ós í atá freagrach as an gcuid mó d'astaíochtaí." Dúirt an GCC go raibh na feirmeoirí agus táirgeoirí eile na hearnála talmhaíochta in ann i bhfad níos mó a dhéanamh le hastaíochtaí meatáin agus gás ceaptha teasa eile a laghdú.
De réir fhigiúirí foilsithe ag an nGCC i mí Iúil 2022, bhí an sceitheadh gáis in Éirinn 5% níos airde sa bhliain 2021 [21]i gcomparáid le 2020, agus 1̬% in aghaidh 2019.[22][23] Agus dúirt an GCC go raibh "trí oiread" guail agus ola á dó le leictreachas a ghineadh agus bhí baint mhór aige sin leis an ardú ar astaíochtaí. 18% d’ardú a tháinig ar leibhéal na ngásanna á sceitheadh as earnáil an ghinte leictreachais.
Tháinig 3% d’ardú ar an sceitheadh de bharr na feirmeoireachta, - ardú an dara bliain as a chéile. Scaipeadh 6% sa mbreis leasú saorga le linn an ama sin agus cuireadh 3% sa mbreis le líon na mbeithígh bhainne in Éirinn. Tháinig méadú tagtha ar líon na mbeithíoch sin gach bliain... le 11 bliain anuas.[23]
- Féach freisin : Tonn teasa in Éirinn agus sa Bhreatain, 2022
2023
[cuir in eagar | athraigh foinse]D'fhoilsigh an GCC tuarascáil ar 2 Meitheamh 2023,[24][25] a léirigh
- Nach mbainfear amach an laghdú 51% ar ár n-astaíocht charbóin faoi 2030 atá mar sprioc reachtúil ag an rialtas.
- Nach mbainfear amach ach oiread an laghdú 42% ar astaíocht atá mar sprioc éigeantach ag an Aontas Eorpach.
- Nach mbainfear amach ach laghdú 29% de réir na straitéise atá i bhfeidhm.
- Nach mbeidh aon dul as againn i gceann seacht mbliana, mura n-athraíonn lagchomhlíonadh Phlean Aeráide an rialtais, ach liúntais astaíochta a cheannach ó bhallstáit eile an AE.
- Nach bhfuil ag éirí leis an stát an nasc idir fás eacnamaíochta agus astaíocht a bhriseadh.[26]
Dúirt an GCC go gcaithfidh gach earnáil laghdú cuimsitheach a dhéanamh go tapa.[25]
Sa bhliain 2022, bhí 'moratóir' curtha ag Eirgid ar ionaid nua sonraí i limistéar Bhaile Átha Cliath.[27] Ach níor chuir Rialtas na hÉireann moratóir i bhfeidhm; mar sin, in 2023, bhí sé dearbhaithe ag TikTok gur i mBaile Átha Cliath a bhunós siad a ndara hionad sonraí.[28]
Cláraíodh an teocht is airde riamh in Éirinn le linn mhí an Mheithimh, 28.8C ar 13 Meitheamh 2023, ag Stáisiún Pháirc na Darach i gCo Cheatharlach.[29][30]
De réir tuarascála in 2023, bhí spriocanna ag an Rialtas nach féidir leis a bhaint amach. Léirigh taighde a rinne KPMG thar ceann Wind Energy Ireland gur cheap lucht na hearnála gurbh moill sa bpróiseas pleanála; mí-eagar i bhforbairt polasaí; agus easpa inniúlachta an ghréasáin leictreachais na cúiseanna is mó nach n-aimseofar an sprioc.[31]
2024
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar an 23 Deireadh Fómhair 2024, dúirt an Chomhairle um Athrú Aeráide go raibh "baol mór ann i gcónaí nach gcomhlíonfaimid ar gcuid oibleagáidí náisiúnta agus idirnáisiúnta laistigh den achar ama atá leagtha síos."[32]
Reáchtáladh Olltoghchán na hÉireann 2024 ar an 29 Samhain 2024. Níor caitheadh an oiread ama ag plé cúrsaí aeráide le linn an fheachtais toghcháin agus a caitheadh ag plé cúrsaí tithíochta, an costas maireachtála, srl. Buaileadh go dona Comhaontas Glas. Ina theannta sin, rinne an Dr. Cara Augustenborg agus na hollúna Hannah Daly agus Mary Murphy anailís neamhspleách thar ceann Chairde na Cruinne agus an ChOBÁC ar pholasaithe aeráide Fhianna Fáil, Fine Gael agus Sinn Féin. Léirigh an cíoradh a rinneadar nach raibh beartais ná amchlár i bhforógraí na bpáirtithe sin a dheimhneodh go mbainfí amach fiú an lag-laghdú ar astaíocht charbóin atá socraithe de réir dlí a bhaint amach faoi 2030. Thug na saineolaithe ‘teip’ mar sin ar bheartais aeráide na bpáirtithe.[33]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Tonn teasa in Éirinn agus sa Bhreatain, 2023 Tonn teasa in Éirinn agus sa Bhreatain, 2022
- Tonnta teasa san Eoraip, 2023 Tonnta teasa san Eoraip, 2022
- Tonn teasa in Éirinn agus sa Bhreatain, Iúil 2021
- Athrú aeráide sna Stáit Aontaithe
- Athrú aeráide sa tSín
- Aeráid na hÉireann
- Polaitíocht na hathrú aeráide in Éirinn
- Teagmhais aimsire in Éirinn
- Athrú aeráide
- Gníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (Éire)
- Comhairle Chomhairleach um Athrú Aeráide (Éire)
- Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- GCC (Meitheamh 2023) , "Ireland’s Greenhouse Gas Emission Projections",[24]
- .EPA (Iúil 2023). "Ireland’s Provisional Greenhouse Gas Emissions". Dáta rochtana: 21 Iúil 2023..[34]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "#ShowYourStripes (University of Reading, eolaí Ed Hawkins:)". web.archive.org (2022-02-20). Dáta rochtana: 2022-08-23.
- ↑ 2.0 2.1 Nuacht RTÉ (2022-06-01). "Laghdú astaíochtaí in Éirinn: briathar = 51%, beart = 28%" (as ga).
- ↑ an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (2020). "Tuarascáil Bhliantúil agus Cuntais". Dáta rochtana: 2022.
- ↑ An Roinn Sláinte (2019). "Sláinte, Plean Oiriúnaithe Earnála don Athrú Aeráide, 2019-2024". Dáta rochtana: 2022.
- ↑ 5.0 5.1 "Tír níos teo agus níos fliche againn le 30 bliain anuas – Met Éireann" (ga-IE). Tuairisc.ie (2023-07-20). Dáta rochtana: 2023-07-21.
- ↑ 6.0 6.1 Met Éireann (Meitheamh 2023). "Ireland's Climate Averages 1991-2020". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2023-07-21. Dáta rochtana: 2023.
- ↑ Nuacht RTÉ (2017-04-13). "'Teipthe ar pholasaí an rialtais i leith an chomhshaol' - EPA" (as ga).
- ↑ Rialtas na hÉireann (2021). "An Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2021 - Ár dTodhchaí a Dhaingniú" (ga-IE). www.gov.ie. Dáta rochtana: 2022-07-29.
- ↑ "Climate Action Plan 2021 - Securing Our Future" (en). www.gov.ie. Dáta rochtana: 2022-06-01.
- ↑ ADHMHAIDIN (17 MEITHEAMH 19). "John Downing, Comhfhreagraí Polaitíochta, Irish Independent." (ga). RTE Raidió na Gaeltachta. Dáta rochtana: 2022-07-25.
- ↑ Nuacht RTÉ (2022-07-24). "Teannas sna cainteanna faoi thruailliú carbóin" (as ga).
- ↑ "Laghdú 25% ar astaíochtaí carbóin an sprioc nua d’fheirmeoirí" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-07-29.
- ↑ Nuacht RTÉ (2021-11-01). "'Is léir don domhan anois go bhfuil gá le beart fónta'-Taoiseach" (as ga).
- ↑ Nuacht RTÉ (2022-07-28). "An rialtas le laghdú 25% a lorg ar astaíochtaí ó thalmhaíocht" (as ga).
- ↑ "Netherlands announces €25bn plan to radically reduce livestock numbers" (en). the Guardian (2021-12-15). Dáta rochtana: 2022-07-29.
- ↑ tweedekamer.nl (2021). "Omzien naar elkaar, vooruitkijken naarde toekomst". Dáta rochtana: 2022.
- ↑ "Flanders acts on nitrogen pollution | Airclim". www.airclim.org. Dáta rochtana: 2022-07-29.
- ↑ Hannah Ritchie, Max Roser, Pablo Rosado (2020-05-11). "CO₂ and Greenhouse Gas Emissions". Our World in Data.
- ↑ "2022: Provisionally Ireland’s Warmest Year on Record - Met Éireann - The Irish Meteorological Service". www.met.ie. Dáta rochtana: 2023-07-18.
- ↑ gníomh a chur leis an bhfocal, nó beart a dhéanamh de réir do bhriathair
- ↑ 61.5 milliún thona Mt CO2eq
- ↑ GCC (21 Iúil 2022). "Ireland’s Provisional Greenhouse Gas Emissions, 1990-2021". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 22 Iúil 2022. Dáta rochtana: 22 Iúil 2022.
- ↑ 23.0 23.1 Nuacht RTÉ (2022-07-21). "5% d'astú sa mbreis ar ghásanna ceaptha teasa" (as ga-IE).
- ↑ 24.0 24.1 epa.ie (Meitheamh 2023). "Ireland’s Greenhouse Gas Emission Projections". Dáta rochtana: 2023.
- ↑ 25.0 25.1 Nuacht RTÉ (2023-06-02). "EPA ag rá nach mbainfear amach spriocanna aeráide" (as ga-IE).
- ↑ Cathal Mac Coille (3 Meitheamh 2023). "Ní léir go bhfuilimid toilteanach dáiríre aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim aeráide" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-06-03.
- ↑ Nuacht RTÉ (2022-05-03). "Méadú 32% ar an méid aibhléise a chaith ionaid sonraí anuraidh" (as ga-IE).
- ↑ Nuacht RTÉ / Ciarán Lenoach (2023-03-08). "TikTok ag féachaint le húsáideoirí a chur ar a suaimhneas" (as ga-IE).
- ↑ Nuacht RTE (2023-06-30). ""An Meitheamh ba theo riamh ar na taifid"" (as ga-IE).
- ↑ Reporter. "REVEALED: Hottest temperature of 2023 recorded in CARLOW, Met Éireann confirm" (en). www.carlowlive.ie. Dáta rochtana: 2023-06-30.
- ↑ Nuacht RTÉ (2023-12-04). ""Teipfidh orainn an sprioc leictreachais in-athnuaite a aimsiú"" (as ga).
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-10-23). "Athrú aeráide: 'baol mór ann nach gcomhlíonfaimid ár ndualgais'" (as ga-IE).
- ↑ Cathal Mac Coille (30 Samhain 2024). "Focal iarthoghcháin ón ‘Saoi Aeráide’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-12-01.
- ↑ EPA (Iúil 2023). "Ireland’s Provisional Greenhouse Gas Emissions". Dáta rochtana: 21 Iúil 2023.