Biddy Jenkinson
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1949 75/76 bliana d'aois Baile Átha Cliath, Éire |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste na hOllscoile Corcaigh |
Gníomhaíocht | |
Gairm | scríbhneoir, file, scríbhneoir próis, drámadóir |
Teangacha | An Ghaeilge |
Scríbhneoir Éireannach is ea Biddy Jenkinson (ainm cleite), Máire Ní Aodh is fíorainm di. Rugadh í sa bhliain 1949 i mBaile Átha Cliath agus d'fhreastail sí ar Choláiste na hOllscoile, Corcaigh. Tá bailiúcháin filíochta, dhá bhailiúchán gearrscéalta agus drámaí foilsithe aici .
Tá sé ráite go bhfuil sí ag iarraidh léargas nua a thabhairt ar bhunús naofa an dúlra agus ar a ndéanann na mná lena chothú.[1] Tá suim mhór aici sa traidisiún liteartha. Tá rogha déanta aici den Ghaeilge mar theanga chruthaitheach agus deir sí go bhfuil sí go mór i gcoinne an éilimh go n-aistreofaí gach saothar Gaeilge go Béarla gan mhoill.[2] Moladh a saothar as a dhianmhothú, a ghreann agus a ilghnéitheacht.[3]
Bhí sí ina heagarthóir ar Éigse Éireann/Poetry Ireland Review ón mbliain 2000 go dtí an bhliain 2001.
Saothar
[cuir in eagar | athraigh foinse]Filíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Táinrith (Coiscéim, 2013)
- Oíche Bhealtaine (Coiscéim, 2005)
- Mis (Coiscéim, 2001)
- Amhras Neimhe (Coiscéim, 1997)
- Dán na hUidhre (Coiscéim, 1991)
- Uiscí Beatha (Coiscéim, 1988)
- Baisteadh gintlí (Coiscéim, 1987)
- Rogha Dánta (Cló Ollscoil Chorcaí, 2000), Seán Ó Tuama agus Siobhán Ní Fhoghlú, eag.
Prós
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Duinnín Bleachtaire ar an Sceilig (Coiscéim, 2011)
- An tAthair Pádraig Ó Duinnín Bleachtaire (Coiscéim, 2008)
- An Grá Riabhach (Coiscéim, 1999)
Eile
[cuir in eagar | athraigh foinse]- An Bhanríon Bess agus Gusaí Gaimbín (Coiscéim, 2007)
- Púca Púca (Coiscéim, 2005)
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Leabharmheas: An Bhanríon Bess agus Gusaí Gaimbín[nasc briste go buan]
- Biddy Jenkinson á plé ar chlár raidió
Nótaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Lyrikline: Biddy Jenkinson , 'Suantraí na Máthar Sini': http://www.lyrikline.org/en/poems/suantrai-na-mathar-sini-2428#. UsDMO9IW2So
- ↑ Luaite in Maureen E. Mulvihill, 'Biddy Jenkinson (1949 -),' Irish Women Writers: An A-to-Z Guide, Alexander G. Gonzalez, Greenwood Preas 2006, ISBN 0-313-32883-8.
- ↑ Mulvihill, 2006.