David Lloyd George
Státaire Briotanach ab ea David Lloyd George, an Chéad Iarla Lloyd-George Dhwyfor, OM, PC (17 Eanáir 1863 – 26 Márta 1945).
B'eisean an Príomh-Aire Liobrálach deireanach ar an Ríocht Aontaithe, ó 1916 - 1922, an t-aon Phríomh-aire ar an Ríocht Aontaithe, as an mBreatain Bheag agus an t-aon aturnae riamh go nuige seo a ndearnadh Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe de.[1]
Tugadh "The Welsh Wizard" (Draoi na Breataine Bige) air mar gheall ar a chumas mar pholaiteoir.
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh David Lloyd George 17 Eanáir 1863 i dteaghlach ina labhraítí an Bhreatnais.
Dlí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tar éis dó cáiliú mar aturnae sa bhliain 1884, tharraing Lloyd George aird an phobail go tapa, go háirithe mar chosantóir do chearta na Neamhaontach.
Lean sé ag dlíodóireacht ar feadh blianta fada i ndiaidh an chéad uair a toghadh é, i ndiaidh na bliana 1897 i gcomhpháirtíocht le Arthur Rhys Roberts.
'Sé Lloyd George an t-aon aturnae riamh a ndearnadh Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe de is ea é, in ainneoin an iliomad abhcóidí a fuair an post. Agus é ag scríobh thar ceann an Law Society Gazette, bhreathnaigh Michael Cross ar roinnt buaicphointí i saol oibre Lloyd George mar dhlíodóir.[2]
Polaitíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Toghadh chun Theach na dTeachtaí den chéad uair é sa bhliain 1890,
Seansailéir an Státchiste (1908-15) agus Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe (1916-22) ab ea é.
Bhí Lloyd George mar cheartlár an Conradh Versailles tar éis an Chéid Chogaidh Dhomhanda.
Shínigh Lloyd George an Conradh Angla-Éireannach ar an 6 Nollaig 1921. Ach ar 22 Meitheamh 1922, scaoileadh marbh n Marascail Machaire Henry Wilson, ar leac a dhorais féin i lár Londain.[4] Bhí Wilson ina chomhairleoir slándála do Phríomh-Aire Tuaisceart Éireann, James Craig ag an am céanna.
Bhí David Lloyd George den tuairim gur poblachtánaigh frith-Chonartha ba chúis leis an marú.[5] Mar thoradh, chuir Rialtas na Breataine brú ar an gCoileánach ionsaí a dhéanamh ar na Ceithre Cúirteanna.[6]
Bás
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tháinig ailse phutóige ar David Lloyd George,[7] D’éag sé ar 26 Márta 1945 i Llanystumdwy, Gwynedd, Bá Ceredigion.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ UCD School of Law (2020T04:30). "Cothrom an lae seo 75 bliana ó shin a d'éag David Lloyd George, an t-aon aturnae riamh go nuige seo a ndearnadh Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe de. https://ga.wikipedia.org/wiki/David_Lloyd_George …pic.twitter.com/zjfqBPr5tz" (cy). @UCDLawSchool. Dáta rochtana: 2020-03-26.
- ↑ Michael Cross2016-08-25T13:43:00+01:00. "A solicitor who broke the mould (and a lock)" (en). Law Gazette. Dáta rochtana: 2021-01-18.
- ↑ "Lloyd George : a man of the people" (en). Imperial War Museums. Dáta rochtana: 2021-01-18.
- ↑ Nollaig Ó Gadhra (1995). "Údarás nua - tús nua?". Comhar 54 (8): 4. doi: . ISSN 0010-2369.
- ↑ UCD.ie (2016). "UCD-Decade-of-Centenaries". Dáta rochtana: 2019.
- ↑ Peter Hart (1992). "Michael Collins and the Assassination of Sir Henry Wilson". Irish Historical Studies 28 (110): 150–170. ISSN 0021-1214.
- ↑ "Bloomsbury Collections - Lloyd George - Statesman or Scoundrel" (en). www.bloomsburycollections.com. Dáta rochtana: 2020-03-26.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |