Ed Sheeran
Is amhránaí agus giotáraí é Edward Christopher "Ed" Sheeran a rugadh ar 17 Feabhra 1991.
Oidhreacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá oidhreacht Éireannach ag Sheeran agus é bródúil as sin[1]. Mar shamplaː
- Rugadh Sheeran i Sasana ach tá cúlra Éireannach aige ar thaobh a athar. Tá a mhamó fós ina cónaí in Éirinn.
- Tá corp Sheeran clúdaithe le tatúnna. Sa bhliain 2014, fuair sé tatú as Gaeilge ar a dheasóg a deir ‘Is tú mo réalt eolais’. Tá ceann eile air a deir ‘Galway’.
- Ar a albam DIVIDE (2017) tá amhrán aige darb ainm "Galway Girl".
- Sa bhliain 2016, chan Sheeran aistriúchán de Thinking Out Loud' (Ag Smaoineamh os Ard) ar dhlúthcheirníní Sheachtain na Gaeilge.
- Bhí Sheeran ag An Phicnic Leictreach sa bhliain 2012.
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Taibheoir ab ea Sheeran ar The X Factor (sraith 11 an RA) sa bhliain 2014[2].
Thit Sheeran den rothar sa bhliain 2017 agus bhris sé a dheasóg. Ní raibh sé in ann an giotár a sheinm go ceann tamaillín. Nuair a sheinneann Sheeran ar an ardán, ní bhíonn aon bhanna ceoil in éineacht leis. Mar sin, ní raibh sé in ann dul ar camchuairt go ceann cúpla mí[3].
I mí Eanáir 2018, d’fhógair Ed Sheeran go raibh sé geallta. Chuir sé aithne ar Cherry Seaborn agus iad ar scoil[4]. Thosaigh siad ag siúl amach le chéile sa bhliain 2015. Is duine an-spórtúil í Cherry. Imríonn sí haca ag leibhéal idirnáisiúnta le Sasana
Conspóidí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá úinéirí an chóipchirt den amhráin de chuid Marvin Gaye an-tugtha don dlí. Ba iad oidhrí Ed Townsend, a chomhscríobh an t-amhrán ‘Let’s Get It On’ le Marvin Gaye, a thug cás in aghaidh Sheeran go dtí an chúirt, ar dtús sa bhliain 2016, agus arís sa bhliain 2018.[5]
Ba chás cúirte é a bhí go mór i mbéal an phobail. Thug Ed Sheeran fianaise gur cumadh a amhrán 'Thinking Out Loud' le linn seisiún comhoibríoch scríbhneoireachta lena chomhscríbhneoir Amy Wadge. Bhí ceoleolaí an ghearánaí ag rá go raibh na cordaí “beagnach inmhalartaithe” agus an ceoleolaí a bhí ag gníomhú do Ed Sheeran ag áitiú gur úsáideadh an seicheamh cordaí céanna i roinnt amhrán eile seachas amhrán Sheeran. Bhuaigh Sheeran na cásanna, an ceann deireanach sa bhliain 2023.[6]
I gcás bradaíola ceoil eile, sa bhliain 2022, bhuaigh Sheeran cás eile maidir lena amhrán 'Shape of You' (in aghaidh Sami Switch, nó Sami Chokri agus cumadóir Ross O’Donoghue).[7][8]
Dioscliosta
[cuir in eagar | athraigh foinse]- + (2011)
- × (2014)
- ÷ (2017)
- No.6 Collaborations Project (2019)
- = (2021)
- − (2023)
- Autumn Variations (2023)
Gradaim agus ainmniúcháin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá ceithre Ghradam Grammy buaite aige agus tá trí déag ainmniúchán faighte aige.[9]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ E-leathanach 256, 6 Márta 2017
- ↑ http://www.digitalspy.com/tv/the-x-factor/news/a604517/x-factor-week-3-is-movie-night-ed-sheeran-and-onerepublic-performing/#~oTaIJ2UixvTMrV Digital Spy
- ↑ Eleathanach 274, 21 Deireadh Fómhair 2017
- ↑ Eleathanach 282, 22 Eanáir 2018
- ↑ Conradh na Gaeilge, Londain (29 Aibreán 2023). "Nuacht Mhall: (Luimneach)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2023-05-21.
- ↑ Benjamin Lee (2023-05-04). "Ed Sheeran cleared of infringing copyright in Marvin Gaye lawsuit" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2023-05-21.
- ↑ Emily Zemler (2022-06-22). "Ed Sheeran Awarded Over $1.1 Million in Legal Fees in 'Shape of You' Copyright Case" (en-US). Rolling Stone. Dáta rochtana: 2023-05-21.
- ↑ Conradh na Gaeilge, Londain (29 Aibreán 2023). "Nuacht Mhall: (Luimneach)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2023-05-21.
- ↑ "Ed Sheeran" (en). GRAMMY.com (2019-02-15). Dáta rochtana: 2019-03-20.