Fearn (ogham)
Cuma
Fearn | ||||
---|---|---|---|---|
Cineál | litir oghaim | |||
Ball de | ogham | |||
|
Is í an tríú litir den aibítir oghaim an Fearn[1] (Sean-Ghaeilge Fern[2]), ainmnithe as an gcrann, fearn. Is í an tríú litir den Aicme Bheithe. Is é [f] a luach foghraíochta.
Sanasaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Gaolta is ea ainm na litreach le gwern(en) na Breatnaise. Athchruthaíodh an focal as Gaeilge Chianach mar *wernā, agus ba é [w] a luach foghraíochta ag an am sin.
Bríatharogam
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is iad a leanas na nathanna meafaracha (kennings) le fáil d'ainm na litreach sa Bhriatharogham:[3]
- airenach[4] fían - (urgharda fiann) i mBriatharogham Morann mic Moín
- comét lachta - (coimeádán bainne - déanta as adhmaid fearna) i mBriatharogham Mac ind Óc.
- dín cridi - (díon croí) i mBriatharogham Culainn.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ fearn ar teanglann.ie FGB
- ↑ 1 fern ar eDIL
- ↑ Auraicept na n-Éces, George Calder, Edinburgh, John Grant (1917), athchló Four Courts Press (1995), ISBN 1-85182-181-3
- ↑ airenach ar eDIL