Henry Joseph Monck Mason
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 15 Iúil 1778 Contae Chill Mhantáin |
Bás | 14 Aibreán 1858 79 bliana d'aois Bré |
Gníomhaíocht | |
Gairm | teangeolaí, údar |
Teaghlach | |
Céile | Anne Langrishe (1816–luach anaithnid) |
Páiste | Jane Monck-Mason |
Siblín | William Monck Mason |
Leabharlannaí, abhcóide agus ball sinsearach d'Eaglais na hÉireann ba ea Henry Joseph Monck Mason (15 Iúil 1778 – 14 Aibreán 1858). Bhí Monck Mason le háireamh ar cheannairí na gluaiseachta sa 19ú haois a d’fhéach le heolas ar na Scrioptúir a leathadh i measc phobal na Gaeilge sa chéad leath den 19ú haois.[1]
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cuireadh oideachas ar Monck Mason i gCúil an tSúdaire agus i gColáiste na Tríonóide. Bhí sé thar a bheith tugtha don léann agus bronnadh bonn óir air i TCD in 1798. Rinne abhcóide de in 1800 ach níor chleacht an cheird sin riamh. Mar sin féin, d'fhreastail sé mar scrúdaitheoir cúirte go dtí timpeall 1810-1812.
In 1812 d’iarr Coimisinéirí na dTaifead Poiblí air dréachtchlár de na lámhscríbhinní i gColáiste na Tríonóide a ullmhú. Mar chuid den obair sin, d’fhostaigh sé Éadbhard Ó Raghallaigh chun cur síos ar na cinn Ghaeilge.[2]
D'éirigh sé ina leabharlannaí in Ósta an Rí timpeall 1814.[3] Ceapadh mar phríomhleabharlannaí sa bhliain 1815.[4]
Bhronn TCD LL.B. and LL.D air in 1817.
Bíoblóireacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 1818, bhunaigh Monck Mason an Irish Society for Promoting the Education of the Native Irish through the Medium of Their Own Language i mBaile Átha Cliath. Bhí sé mar aidhm ag an Society scrioptúr reiligiúnach a chur ar fáil i nGaeilge. Ach ní aidhm acadúil a bhí i gceist leis an tionscnamh sin, áfach... spreag an tionscnamh chun go gcuirfí ar a gcumas do dhaoine a bheith in ann an Bíobla Gaeilge a léamh. Feachtas a bhí ann ag iarraidh daoine a iompú i dtreo an chreidimh Protastúnach.
In 1830 d’fhoilsigh an Scoiety Bíobla agus Tiomna Nua a chuir Éadbhard Ó Raghallaigh in eagar faoi mhaoirseacht Monck Mason.[5]
Cathaoir na Gaeilge, TCD
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ba é ba mhó faoi deara gur bunaíodh cathaoir na Gaeilge i gColáiste na Tríonóide sa bhliain 1838.[6] Ach ní raibh aidhm acadúil i gceist ag an am sin; bhí na mic léinn oilte chun seanmóirí a thabhairt trí mheán na Gaeilge agus ar an gcaoi sin daoine arbh í an Ghaeilge a dteanga dhúchais a mhealladh le hiompú ina bProtastúnaigh agus freastal ar a gcuid riachtanas spioradálta.
In 1844, bhunaigh an Irish Society péire scoláireacht i gcuimhne William Bedell (1571-1642) agus Monck Mason taobh thiar den tionscnamh.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "MASON, Henry Joseph Monck (1778–1858)" (ga). ainm.ie. Dáta rochtana: 2019-07-05.
- ↑ Foilsíodh an staidéar i bhfad níos déanaí (1829-1913). "[https://www.amazon.fr/Catalogue-Manuscripts-Library-Trinity-College/dp/1360693750 Catalogue of the Irish Manuscripts in the Library of Trinity College, Dublin - AbeBooks - Abbott, Thomas Kingsmill ; Gwynn, Edward John 1360693726 ISBN 9781360693729:]" (en). www.abebooks.fr. Dáta rochtana: 2021-07-05.
- ↑ "Mason, Henry Joseph Monck | Dictionary of Irish Biography". www.dib.ie. Dáta rochtana: 2021-07-05.
- ↑ Proinsias Ó Drisceoil. "An Irish Society agus Obair na Bíoblóireachta". An Linn Bhuí, lgh. 183-216.
- ↑ Fergus Ó Fearghaíl - An Bíobla Gaeilge in Éirinn. Irisleabhar Mhá Nuad, (2015 lch 41-87). "Irisleabhar Mhá Nuad" (ga). www.irisleabhar.ie. Dáta rochtana: 2021-07-04.
- ↑ Cathal Ó Háinle (TCD) (2015). "Beagán de Stair na Roinne agus léachtóirí ó 1838 i leith". Dáta rochtana: 2021.