Jump to content

Tuilte sa Spáinn, 2024

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtTuilte sa Spáinn, 2024
Íomhá
Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 39° 30′ N, 0° 45′ O / 39.5°N,0.75°W / 39.5; -0.75
Cineáltubaiste nádúrtha Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana29 Deireadh Fómhair 2024 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhComhphobal Valencia, An Spáinn
An Andalúis, An Spáinn
Castilla-La Mancha, An Spáinn
Murcia, An Spáinn
an Chatalóin, An Spáinn Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Spáinn Cuir in eagar ar Wikidata
Cúiscold drop (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Líon básanna230 (27 Samhain 2024) Cuir in eagar ar Wikidata
Líon ar iarraidh3 (30 Nollaig 2024) Cuir in eagar ar Wikidata
Meán cumarsáide

Bhí breis is 220 duine[1] maraithe de bharr maidhmeanna tuile in oirthear na Spáinne a tharla ar an 29 Deireadh Fómhair 2024, go háirithe sa réigiún València.[2] Bhí leibhéal na fearthainne chomh hard le 500 milliméadar (sin 50 ceintiméadar in airde) in áiteanna ar feadh cúpla uair.[3][4][5][6] Chomh maith leis na daoine a maraíodh, bhí an-díobháil déanta ag na tuilte do mhaoin agus do bhonneagar an réigiúin.[7]

Físeán

Tharla na tuilte i ndiaidh fearthainn an-trom ar fad, agus scriosadh feithiclí, droichid agus soilsí sráide le linn na tubaiste. Sáinníodh go leor daoine san áit a raibh siad nuair a réab na tuilte isteach orthu. B'éigean do dhaoine greim daingean a choinneáil ar chrainn agus gach saghas cuaille ionas nach scuabfaí chun siúil iad.

Tugadh an foláireamh is airde i réamhaisnéis na haimsire ag 7.36, ach níor tugadh mórán aird air. Thosaigh an bháisteach throm sa mhaidin. Dúnadh na hoifigí agus scoileanna, an chuid is mó, timpeall am lóin. Thosaigh na tuilte is mó san iarnóin agus bhí go leor daoine sáinnithe ina gcarranna, áit a bhfuair siad bás go minic. Ag 20:11, i bhfad ró-dhéanach, d'eisigh an Generalitat Valenciana foláireamh nua, ag rá le daoine fanacht taobh istigh.

Dhá lá níos déanaí, bhí an lucht tarrthála i muinín a gcroí ag féachaint le dul chomh fada le daoine a bhí sáinnithe i gcónaí i gceantair iargúlta i réigiún València,[8]

Ar an 3 Samhain, thug an Rí, Felipe na Spáinne, agus a Bhanríon, Letizia, chomh maith leis an bPríomh-Aire, cuairt oifigiúil ar Paiporta, baile lasmuigh de Chathair Valencia. Agus é amuigh ar na sráideanna caitheadh láib air agus bhí sé soiléir go raibh a fhoireann slándála ag streachailt chun é a chosaint. Bhí “dúnmharfóir” agus “náire” le cloisteáil ón slua. Ag pointe amháin dúirt agóideoir leis an Rí go raibh sé “ceithre lá ródhéanach”. Bhain na gardaí cosanta úsáid as scáthanna fearthainne chun na piardaí a chosaint ón láib. Dúirt go leor den lucht agóide gur cheart do Pedro Sánchez, Príomh-Aire na Spáinne, agus Carlos Mazón,[9] ceannaire réigiúnach Valencia, éirí as.[10][11]

Ar an 7 Samhain bhí idir shaighdiúirí, phóilíní agus ghardaí sibhialta – 15,000 acu – páirteach san obair mhór. Chuir Rialtas na Spáinne ciste €10.6 billiún ar fáil le teacht i gcabhair ar an bpobal agus leis an mbonneagar a atógáil. Gheall Príomh-Aire na Spáinne Pedro Sánchez go n-íocfadh an rialtas as an obair ghlantacháin a mbeadh na húdaráis áitiúla freagrach as de ghnáth. Thug sé le fios chomh maith gur iarr an rialtas maoiniú fóirithinte ó chiste dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh.[12]

Bhí a mhacasamhail chéanna ann cheana. Maraíodh 81 ar an 14 Deireadh Fómhair 1957 nuair a tharla teagmhais aimsire den chineál céanna, "fuarbhraon" nó "cold drop" i València.[13] Maraíodh 150 sa bhliain 1973, in aice le Murcia go háirithe.[14]

In 2024, fronta fuar aimsire a leath ar fud an réigiúin ba chionsiocair leis na tulcaí báistí a thit ann de ruathar agus go caiseach. Thit an méid céanna báistí in aon lá amháin a thitfeadh in achar bliana de ghnáth.[2] Dúirt saineolaithe gur de dheasca athrú aeráide a bhíonn aimsir mhínádúrtha ann níos minice ar na saolta seo.[7]

Tá uisce na Meánmhara ag éirí níos teo an t-am ar fad, tá níos mó uisce á ghalú dá bharr agus tá tuairteanna báistí sa réigiún níos troime ná mar a bhí riamh mar thoradh air sin, dar leis na meitéareolaithe.[7]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. "Actualización de datos del Gobierno de España" (es). www.lamoncloa.gob.es. Dáta rochtana: 2024-11-21.
  2. 2.0 2.1 An Páipéar / Domhnall Mac Concharraige (2024-11-09). "Breis is 250 duine marbh in Oirdheisceart na Spáinne – Míshástacht léirithe leis an Rí agus leis an bPríomh-Aire" (ga-IE). web.archive.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2024-11-09. Dáta rochtana: 2024-11-10.
  3. Taifeadadh 185 mm in aon uair amháin sa bhaile Turis, taifead nua don Spáinn.
  4. RnaG (2024-11-01). "Sara Judge : Bean as Port Lairge atá lonnaithe i Valencia." (ga-IE). RTE Radio. Dáta rochtana: 2024-11-09.
  5. RnaG (6 Samhain 2024). "Colm Mac Grianna as Rann na Feirste ach a bhfuil cónaí ar i Valencia." (as ga-IE). 
  6. RnaG / Caoimhin Mac Lochlainn as Leitir Ceanainn. (8 Samhain 2024). "Tá Caoimhín agus a chairde atá ag cur fúthu ansin i Valencia lag cuidiú leo sin atá buailte mar gheall ar na tuillte agus tá feachtas bailiúcháin airgid curtha ar bun acu." (ga-IE). RTE Radio. Dáta rochtana: 2024-11-09.
  7. 7.0 7.1 7.2 Nuacht RTÉ (2024-10-30). "Os cionn 70 duine maraithe de bharr tuilte in oirthear na Spáinne" (as ga-IE). 
  8. Nuacht RTÉ (2024-10-31). "Daoine sáinnithe i gcónaí i gceantair iargúlta sa Spáinn" (as ga-IE). 
  9. "Carlos Mazón" (as en) (2024-11-10). Wikipedia. 
  10. extrag.ie (2024-11-03). "Spáinn, brú ar an Rí ach bean Éireannach ag tabhairt cabhair" (ga-IE). Dáta rochtana: 2024-11-09.
  11. "Spain's king and queen pelted with mud in flood-hit Valencia" (en-GB). www.bbc.com. Dáta rochtana: 2024-11-09.
  12. Nuacht RTÉ (2024-11-06). "89 duine fós ar iarraidh tar éis na maidhmeanna tuile sa Spáinn" (as ga-IE). 
  13. "Cold drop" (as en) (2024-11-07). Wikipedia. 
  14. "Riada en la rambla Nogalte de 1973" (as es) (2024-10-31). Wikipedia, la enciclopedia libre.