Jump to content

An Vicipéid

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaAn Vicipéid

Cuir in eagar ar Wikidata

Manathe free encyclopedia that anyone can edit Cuir in eagar ar Wikidata
SonógChilopoda wikiphiliae Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómósvicí agus ciclipéid Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Ainm gearrWikipédia, Wikipedia, ウィキペディア, Viquipèdia, Wikipèdia, Vicipaedia, Wikipedia, Βικιπαίδεια, ဝီကီပီးဒီးယား, ويكبيديا, Wikipedia, lipu Wikipesija agus Wikipédia Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálciclipéid Idirlín
self-depicting entity (en) Aistrigh
speisialtacht
user-generated content platform (en) Aistrigh
ardán ar líne an-mhór
tionscadal sluafhoinsithe
tionscadal de chuid Fhondúireacht Wikimedia
ábhar oscailte
suíomh MediaWiki
sociotope (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Dáta a bunaíodh15 Eanáir 2001
Bunaitheoir(í)Jimmy Wales agus Larry Sanger Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Táirgeciclipéid Idirlín Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
OibreoirEquinix
Wikimedia Foundation (2003–) Cuir in eagar ar Wikidata
ÚinéirWikimedia Foundation (2003–) Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Gradam a fuarthas

Suíomh gréasáinwikipedia.org Cuir in eagar ar Wikidata

Facebook: Wikipedia X: Wikipedia Mastodon: Wikipedia@wikis.world Instagram: wikipedia VK: wikipedia Pinterest: wikipedia TikTok: wikipedia Cuir in eagar ar Wikidata

Is ciclipéid ar líne é an Vicipéid atá scríofa agus á chothabháil ag pobal oibrithe deonacha, ar a dtugtar Vicipéideoirí, trí chomhoibriú oscailte agus trí úsáid a bhaint as córas eagarthóireachta vicí-bhunaithe ar a dtugtar MediaWiki. Is í an Vicipéid an saothar tagartha is mó agus is mó léite sa stair, agus i rith an ama bhí sí ar cheann de na 10 suíomhanna gréasáin is mó tóir.[1] Cruthaithe ag Jimmy Wales agus Larry Sanger ar 15 Eanáir, 2001, tá sé á óstáil ag an bhFondúireacht Wikimedia, eagraíocht neamhbhrabúis Mheiriceá.

Tá sí scríofa ag an bpobal don phobal agus tá duine ar bith in ann í a athrú ach teacht a bheith aige ar an Idirlíon. Is iomaí Vicipéid atá ann agus Vicipéid an Bhéarla, Vicipéid na Fraincise agus Vicipéid na Gaeilge ina measc.

Scríobhadh an chéad alt sa leagan Gaeilge i mí Eanáir 2004 agus faoi láthair tá 61,297 alt ann.

Comhfhocal a tháinig ón bhfocal Havaíoch wiki ("scioptha") agus ón bhfocal Béarla encyclopedia is ea Wikipedia, agus tháinig sé ar an bhfód sa bhliain 2000[2] mar chomhthogra den chiclipéid phroifisiúnta Nupedia. Tá an togra ar fad faoi stiúir an Wikimedia Foundation, eagraíocht a oibríonn gan bhrabach agus atá i dtaobh le síntiúis.

Leathnaigh clú agus cáil na Vicipéide mar thionscnamh domhanda go sciobtha. Tá roinnt tograí eile (Wikibooks, Vicífhoclóir, srl.) ag siúl leis an Vicipéid agus iad ag dul chun cinn in éineacht leis an Vicipéid féin.

Ag cur an Vicipéid in eagar – leathanach roimh agus ina dhiaidh a chuid eagraíocht.

Moltar go láidir d'eagarthóirí cloí le dearcadh neodrach sa tslí is go ndéantar achoimriú neamhchlaonta de thuairimí éagsúla ar an ábhar.

Daoine ag obair ar an leagan Waray den Vicipéid ag editathon in Calbayog, sna Filipínigh, Samhain 2014

Is minic a luaitear an Vicipéid sna meáin agus sa saol acadúil. Mar sin féin, bíonn conspóidí ar siúl faoin Vicipéid mar shaothar tagartha. Tá moladh agus cáineadh faighte aici maidir leis an tslí a ndáiltear agus a n-eagraítear í, leis an méid topaicí atá aici agus lena cuid ilteangachais. Tá sí an-oscailte agus is féidir loitiméireacht a dhéanamh uirthi, gan trácht ar í a dhul i mbaol an mhíchruinnis agus na neamh-chomhsheasmhachta, cé go mbíonn na riarthóirí san airdeall ar a leithéidí.

Locht mór eile a chuirtear ina leith is ea an easpa ban atá uirthi mar riarthóirí agus mar scríbhneoirí. Fágann sé seo a rian ar an gcaoi a gcaitear le mná mar ábhar eolais. Is beag aird a thugtar orthu, mar shampla, i gcúrsaí eolaíochta agus teicneolaíochta. Tá sé áitithe mura bhfuil beathaisnéis fhónta mná ar an Vicipéid go síltear nach cuid suntais í, rud is cúis le himeallú féinchothaithe.

Tá an Wikipedia Foundation buartha faoi seo agus tá tréaniarracht á déanamh ar mhná a mhealladh isteach, cé gur beag rath atá ar an obair go dtí seo.[3]

D'ainneoin na lochtanna úd, tugann solúbthacht agus oscailteacht féin na Vicipéide deis do scríbhneoirí an tionscnamh a fheabhsú mar fhoinse thagartha.

  1. Kaplan Andreas, Haenlein Michael (2014) Collaborative projects (social media application): About Wikipedia, the free encyclopedia. Business Horizons, Volume 57, Issue 5, lgh 617-626
  2. http://www.beo.ie/alt-wikipedia-tionscadal-an-fhiuntach-ar-fad.aspx
  3. Jenny Kleeman, 'Wikipedia has lots of weaknesses, the worst of which is lack of women editors,' AFRWeekend, 26 Bealtaine 2015: http://www.afr.com/technology/social-media/wikipedia-has-lots-of-weaknesses-the-worst-of-which-is-lack-of-women-editors-20150609-ghjudy

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]